Seó Bóthair - Conradh na Gaeilge.
Bhain daltaí na hIdirbhliana an-sult as an gceardlann idirghníomhach agus spraíúil a reáchtáil Conradh na Gaeilge le déanaí.
Thug an Seó Bóthair deis iontach do na daltaí a gcuid tuairimí a phlé faoi staid na Gaeilge sa chóras oideachais agus sa tsochaí níos leithne. Ina theannta sin, rinne siad machnamh ar thodhchaí na teanga agus ar na dúshláin agus na deiseanna atá romhainn.
D’fhoghlaim na daltaí freisin faoi na réimsí éagsúla fostaíochta a bhaineann lenár dteanga dhúchais — mar shampla, obair aistriúcháin, láithreoireachta agus múinteoireachta, chun cúpla ceann a lua.
Ba thaithí thábhachtach, spreagúil í a mhéadaigh muinín agus feasacht teanga na ndaltaí.